Má theastaíonn uait gearán a dhéanamh faoi eagraíocht a fhaigheann maoiniú ón mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh (BFS), lean an próiseas gearán don tseirbhís ábhartha, mar atá leagtha amach thíos.
Seirbhís Eolais do Shaoránaigh (CIS)
Má bhaineann do ghearán le Citizens Information Service (CIS), lean complaints policy ar citizensinformation.ie
An tSeirbhís um Chomhairle Airgid agus Bhuiséid (MABS)
Má bhaineann do ghearán le Money Advice and Budgeting Service (MABS), is féidir an gearán a dhéanamh go díreach leis an mBainisteoir Réigiúnach i scríbhinn nó i bpearsan, agus lean MABS complaints policy.
An tSeirbhís Fón Eolais do Shaoránaigh (CIPS)
Má bhaineann do ghearán le Citizens Information Phone Service (CIPS), is féidir leat do ghearán a sheoladh chuig bainisteoir na seirbhíse: Mr. Ekramul Khan, CIPS Manager, Unit 8a Nessan House, Riverview Business Park, Bessboro Road, Cork T12 EY0X, to Ekramul.khan@citinfo.ie i scríbhinn nó i bpearsan, agus lean CIPS complaints policy
Sign Language Interpreting Service (SLIS) or Register of Irish Sign Language Interpreters (RISLI)
Má bhaineann do ghearán leis an tseirbhís a chuireann an Sign Language Interpreting Service (SLIS) nó an Register of Irish Sign Language Interpreters (RISLI), ar fáil, lean an próiseas thíos:
Céim 1
Féadfaidh tú do ghearán a dhéanamh go díreach le bainisteoir na seirbhíse i scríbhinn nó i bpearsan.
Má bhaineann do ghearán leis an mbainisteoir, ba cheart duit do ghearán a dhéanamh i scríbhinn chuig Cathaoirleach an Bhoird Bhainistíochta.
- Déanfar gach iarracht do ghearán a réiteach ag an gcéad phointe teagmhála, más féidir.
- Aithneofar do ghearán i scríbhinn laistigh de chúig lá oibre.
- Déileálfar leis laistigh de 15 lá oibre ón dáta a aithníodh é.
- Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagairt ón mbainisteoir, ba cheart duit do ghearán a dhéanamh i scríbhinn chuig Bord Bainistíochta na heagraíochta atá cistithe ag an BFS, a dhéanfaidh do ghearán a athbhreithniú agus a réiteach más féidir leo.
- Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagairt ón mBord Bainistíochta, is féidir leat an cheist a achomharc i scríbhinn leis an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh.
- Tabhair faoi deara, le do thoil, go gcaithfidh achomhairc chuig an BFS baint a bheith acu leis an tseirbhís a chuireann an eagraíocht chistithe ar fáil.
- Ní scrúdóidh an BFS achomhairc a bhaineann le hoibríochtaí na heagraíochta cistithe, lena n‑áirítear cúrsaí Acmhainní Daonna, cosaint sonraí agus saincheisteanna oibre deonacha.
- Ní féidir éisteacht le hachomharc go dtí go mbeidh Céim 1 críochnaithe.
- Chun achomharc a dhéanamh, ba cheart duit scríobh nó ríomhphost a sheoladh chuig: