- Ár Seirbhísí
- Faisnéis do Shaoránaigh
- Seirbhísí Réigiúnacha um Fhaisnéis do Shaoránaigh
- Seirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (MABS)
- An tSeirbhís Abhcóideachta Náisiúnta do Dhaoine faoi Mhíchumas
- Seirbhís Ateangaireachta na Teanga Comharthaíochta (SLIS)
- Seirbhísí inrochtaineachta
- Clár Ateangairí Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (RISLI)
Is é an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh an comhlacht reachtúil atá freagrach as tacú le soláthar faisnéise, comhairle, comhairle airgid agus seirbhísí abhcóideachta don phobal.
Faoi na reachtaíochta, atá i bhfeidhm, is í cúram an Bhoird a chinntiú go bhfuil rochtain ag an bpobal ar fhaisnéis shoiléir, chruinn agus chuimsitheach faoi sheirbhísí sóisialta, agus aiseolas a sholáthar a chuidíonn le beartas sóisialta a mhúnlú.
Láithreáin Ghréasáin
Soláthraíonn an Bord faisnéis go díreach don phobal trí citizensinformation.ie agus óstálann sé freisin mabs.ie
Iasachtaí Morgáiste i Mhoill
Tacaíonn an Bord le hAbhaile, seirbhís neamhspleách, rúnda agus saor in aisce atá maoinithe ag an Stát. Cuidíonn sí le sealbhóirí morgáiste atá i moill an réiteach is fearr a aimsiú chun fanacht, nuair is féidir, ina dtithe féin.
Beartas Sóisialta agus Taighde
Soláthraíonn an Bord seirbhísí Beartais Shóisialta agus Taighde atá bunaithe ar fhianaise trí shonraí óna líonraí tacaíochta a anailísiú agus trí oibriú le páirtithe leasmhara chun beartas poiblí a chur ar an eolas agus a mhúnlú.
Foilseacháin
Tá an Bord tiomanta d’fhaisnéis agus seirbhísí abhcóideachta atá inrochtana agus dírithe ar chustaiméirí a chur ar fáil, go háirithe do ghrúpaí leochaileacha, trí raon formáidí cuimsitheacha lena n‑áirítear tacaíochtaí ar líne, ar an bhfón, i gcló agus go pearsanta. Féach ár leathanach Foilseachán.
Seirbhísí Maoinithe
Tacaíonn an Bord agus maoiníonn sé líonra de Chuideachtaí um Sheachadadh Seirbhísí a chuireann seirbhísí díreacha ar fáil don phobal. Áirítear leo:
Tacaíonn an Bord leis na seirbhísí seo trí mhaoirseacht, bonneagar agus seirbhísí ICT a chur ar fáil. Trína gcuid oibre ar an líne tosaigh, comhlíonann an Bord a shainordú reachtúil chun rochtain ar sheirbhísí sóisialta a chinntiú agus cur le beartas sóisialta.