Spreagann an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh athúsáid na faisnéise a tháirgimid de réir na Rialachán an Aontais Eorpaigh (Sonraí Oscailte agus Athúsáid Faisnéise den Earnáil Phoiblí), 2021 agus de réir an cheadúnais Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0). Tá tuilleadh eolais faoin cheadúnas agus faoi na rialacháin ar fáil ag data.gov.ie.
Féadtar faisnéis agus cáipéisí a fhaightear ón láithreán gréasáin seo a atáirgeadh agus/nó a athúsáid saor in aisce faoi réir an cheadúnais Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0). Tá fáil ar fhaisnéis faoin cheadúnas ag data.gov.ie.
Faoin gceadúnas CC‑BY, caithfear foinse na faisnéise a aithint.
Sa chás nach soláthraítear ráiteas sonrach aitreabúideachta, féadtar an ráiteas aitreabúideachta a leanas a úsáid: ‘Cuimsítear ann seo Sonraí faoi Earnáil Phoiblí na hÉireann a cheadúnaítear faoi cheadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)’.
Tabhair faoi deara, le do thoil, gur leaganacha leictreonacha iad na cáipéisí ar an láithreán gréasáin seo d’fhoilseacháin priontála agus ní gá, agus iad amhlaidh, athbhreithniú a dhéanamh orthu ná iad a choimeád cothrom le dáta. Ní ghlacann an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh, an Stát agus a gcuid seirbhíseach nó gníomhairí aon fhreagracht agus ní thugtar aon ráthaíocht, ghealltanas nó baránta lena mbaineann cruinneas, iomláine nó nádúr cothrom le dáta na faisnéise a chuirtear ar fáil ar an láithreán gréasáin ag an tráth seo agus ní ghlactar le haon dliteanas d’aon sórt a eascraíonn as aon earráidí nó easnaimh.
Má bhíonn fiosrúcháin agat faoi athúsáid faisnéise arna fáil ón mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh, seol ríomhphost, le do thoil, chuig psi@ciboard.ie.
Ní cheadaítear aon fhaisnéis ábhartha ón láithreán gréasáin seo a atáirgeadh a d’fhéadfadh bheith i seilbh tríú páirtí. Ní mór údarú a fháil ó choinneálaithe an chóipchirt lena mbaineann chun aon ábhar den sórt sin a atáirgeadh.
Cuirtear cosc ar íomhánna ón láithreán gréasáin seo (arb ábhar ceadúnaithe iad) a íoslódáil, a athfhoilsiú, a atarchur, a atáirgeadh nó a úsáid mar chomhaid aonair.
Cuirtear cosc ar íomhánna ón láithreán gréasáin seo a íoslódáil, a athfhoilsiú, a atarchur, a atáirgeadh nó a úsáid mar chomhaid aonair mura bhfuil siad ceadúnaithe lena n‑athúsáid faoi cheadúnas CC BY 4.0.