Cuardaigh an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh

Is cáiliúla

Brústocaireacht a Rialáil

Is é is aidhm don Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015 foráil a dhéanamh do Chlár Brústocaireachta gréasán-bhunaithe chun faisnéis a chur ar fáil don phobal maidir le haitheantas na ndaoine sin a bhíonn i mbun cumarsáide le hoifigigh phoiblí ainmnithe maidir le beartas sonrach, ábhair reachtúla nó cinntí ionchasacha.


Tá sé mar aidhm leis an Acht é sin a dhéanamh trí fhoráil a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas:

  • Clár brústocaireachta atá inrochtana go poiblí a bhunú agus a choinneáil ar bun;
  • Oibleagáidí ar bhrústocairí a ngníomhaíochtaí brústocaireachta a chlárú agus faisnéis maidir leo a sholáthar go rialta, lena n-áirítear, i gcás brústocairí gairmiúla, faisnéis maidir lena gcliaint;
  • Tréimhse “mharana” a thabhairt isteach ar tréimhse a bheidh ann nach mbeidh roinnt iar-oifigeach in ann gníomhaíocht bhrústocaireachta a dhéanamh;
  • Beidh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (An Coimisiún Caighdeán) ar an rialtóir brústocaireachta.


Tá freagrachtaí sonracha ar an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.

Foráiltear le halt 6(1) den Acht go measfar gurb é Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh an tOifigeach Poiblí Ainmnithe nó “ábhar na brústocaireachta” chun críocha an Achta.

Ceanglaítear le halt 6(4) den Acht go bhfoilseoidh an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh liosta ina dtaispeántar ainm, grád agus sonraí gairide maidir le ról agus freagrachtaí an “oifigigh phoiblí ainmnithe”. Tá dhá aidhm leis an liosta:

  1. Deis a thabhairt don phobal daoine ar oifigigh phoiblí ainmnithe iad a aithint; agus
  2. A bheith mar acmhainn do bhrústocairí a chomhdóidh tuairisceán chuig an gClár a bhféadfadh sonraí oifigigh phoiblí ainmnithe a bheith de dhíth orthu.

Oifigeach Poiblí Ainmnithe an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh

Ainm Grád Ról agus Freagracht
Graham Long Príomhfheidhmeannach  Tá an Príomhfheidhmeannach freagrach as ceannaireacht, treoir agus fís fhoriomlán a chur ar fáil don fhoireann agus don bhainistíocht uile in BFS trí phlean straitéiseach Bhord BFS a chur i bhfeidhm, ar plean é ina leagtar amach príomhchuspóirí agus spriocanna na heagraíochta.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar http://www.lobbying.ie