Tá freagracht ar gach comhlacht poiblí in Éirinn an comhionannas a chur chun cinn, an t‑idirdhealú a chosc agus cearta daonna a bhfostaithe, a gcustaiméirí, a n‑úsáideoirí seirbhíse agus gach duine a dtéann a mbeartais agus a bpleananna i bhfeidhm orthu a chosaint. Is oibleagáid dhlíthiúil é seo, ar a dtugtar Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine, agus tháinig sé as Section 42 of the Irish Human Rights and Equality Act 2014.
Tá an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh (CIB) tiomanta do chinntiú go bhfuil cultúr measa ar chearta an duine agus ar chomhionannas i measc ár bhfoirne agus i measc na ndaoine dá gcuirimid seirbhísí ar fáil.
Tá measúnú déanta againn ar shaincheisteanna cearta daonna agus comhionannais a bhaineann lenár bhfeidhmeanna agus táimid sásta go bhfuil ár ndualgas san earnáil phoiblí á chomhlíonadh againn mar atá leagtha amach san Acht um Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas 2014