Cuardaigh an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh

Is cáiliúla

*Maidir Linn

Is é an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh (BFS) an comhlacht reachtúil atá freagrach as tacú le soláthar faisnéise, comhairle agus abhcóideachta faoi réimse leathan seirbhísí poiblí agus sóisialta.


Cuireann an BFS an láithreán gréasáin um Fhaisnéis do Shaoránaigh, citizensinformation.ie ar fáil agus tacaíonn sé le líonra deonach na nIonad Faisnéise do Shaoránaigh agus leis an tSeirbhís Teileafóin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0818 07 4000. Cuireann sé maoiniú agus tacaíocht ar fáil freisin don tSeirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid, (MABS) seirbhís saor in aisce, neamhspleách agus rúnda do dhaoine atá i bhfiacha nó atá i mbaol titim i bhfiacha.


Mar chuid dá fheidhmeanna níos leithne, cuireann an eagraíocht:

  • an láithreán gréasáin MABS, mabs.ie, ar fáil
  • tacaíocht ar fáil don tSeirbhís Abhcóideachta Náisiúnta do Dhaoine faoi Mhíchumas (NAS)
  • tacaíocht ar fáil don tSeirbhís Aistritheoirí Teanga Comharthaíochta (SLIS)
  • tacaíocht ar fáil don Chlár um Aistritheoirí Teanga Comharthaíochta na hÉireann (RISLI)


Oibríonn an BFS faoi shainchúram na Roinne Coimirce Sóisialaí. Tá a shainordú, mar a shainmhínítear ina reachtaíocht rialaithe, mar a leanas:

  • A chinntiú go mbíonn daoine in ann faisnéis chruinn, chuimsitheach, shoiléir a fháil faoi sheirbhísí sóisialta
  • Cabhrú agus tacú le daoine aonair, go mór mór leo siúd atá faoi mhíchumas, chun a gcuid riachtanais agus roghanna a aithint agus a thuiscint
  • Rochtain, comhordú agus feasacht phoiblí maidir le seirbhísí sóisialta a chur chun cinn níos mó
  • Tacú le soláthar faisnéise faoi éifeachtacht an bheartais shóisialta agus na seirbhísí sóisialta reatha agus aird a tharraingt ar shaincheisteanna atá ina n-ábhar imní ag úsáideoirí na seirbhísí sin
  • Tacú le soláthar seirbhísí abhcóideachta do dhaoine faoi mhíchumas nó na seirbhísí sin a chur ar fáil go díreach.
  • Tacú le soláthar comhairle maidir le bainistiú fiacha pearsanta agus airgid tríd an tSeirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (MABS).