-
- Faisnéis do Shaoránaigh
- Seirbhísí Réigiúnacha um Fhaisnéis do Shaoránaigh
- Seirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (MABS)
- An tSeirbhís Abhcóideachta Náisiúnta do Dhaoine faoi Mhíchumas
- Seirbhís Ateangaireachta na Teanga Comharthaíochta (SLIS)
- Seirbhísí inrochtaineachta
- Clár Ateangairí Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (RISLI)
Tá an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh (CIPS) á maoiniú agus á tacú ag an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh chun seirbhís faisnéise teileafóin a chur ar fáil atá cuimsitheach agus faoi iontaoibh. Is féidir teagmháil a dhéanamh le CIPS ar an teileafón ó 9rn go 8in, Luan go hAoine, ar 0818 07 4000. Má tá tú ag glaoch ar CIPS ó lasmuigh d’Éirinn, ba cheart duit glaoch a chur ar +353 21 229 8178.
Cuireann CIPS seirbhís chomhrá ar an toirt (Comhairleoir Beo) ar fáil do dhaoine a bhfuil deacrachtaí éisteachta nó labhartha acu agus do dhaoine eile a bhfuil deacracht acu cumarsáid a dhéanamh ar an teileafón. Cuirtear an Comhairleoir Beo ar fáil idir 9rn agus 5in, ó Luan go hAoine.
Nóta faoi uimhreacha teileafóin 0818
Glaonna ar uimhreacha teileafóin neamh‑ghéagaigh 0818 cosnaíonn siad gan níos mó ná glao ar uimhir gheografach agus beidh siad san áireamh i do phacáiste nóiméad má chuimsíonn do phacáiste glaonna ar línte talún.