Cuardaigh an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh

Is cáiliúla

Meáin Shóisialta

Déantar cur síos ar an leathanach seo ar an gcaoi a mbaineann Faisnéis do Shaoránaigh úsáid as na meáin shóisialta agus an méid ar cheart duit coinne a bheith agat leis uainn ar na cainéil sin. Tá cuntais meán sóisialta dá cuid féin ag an tSeirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (SBCA). Gheobhaidh tú amach faoin méid a mbeidh coinne agat leis ó SBCA ar mabs.ie


Ár gcuntais ar na meáin shóisialta

Roinneann Faisnéis do Shaoránaigh faisnéis ónár gcuntais ar na meáin shóisialta ar X (Twitter roimhe seo), Facebook,Instagram agus LinkedIn chun tú a choinneáil ar an eolas faoi fhorbairtí i seirbhísí poiblí agus sóisialta. Bíonn folúntais agus faisnéis ábhartha eile againn ar na cuntais freisin ó am go chéile.


An méid a mbeidh coinne agat leis

Má leanann tú muid ar na meáin shóisialta, féadfaidh tú a bheith ag súil le tvuíteanna agus postálacha a chumhdaíonn roinnt díobh seo a leanas nó iad ar fad:

  • Nuacht agus forbairtí i seirbhísí poiblí agus sóisialta
  • Sonraí faoi fhaisnéis nua agus nuashonraithe ar ár suíomhanna gréasáin
  • Faisnéis agus nuacht faoi na seirbhísí atá á maoiniú againn agus a dtugaimid tacaíocht dóibh, ina measc na Seirbhísí um Fhaisnéis do Shaoránaigh, an tSeirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh, an tSeirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (SBCA), an tSeirbhís Abhcóideachta Náisiúnta do Dhaoine faoi Mhíchumas (SAN) agus Seirbhís Ateangaireachta na Teanga Comharthaíochta (SLIS)
  • Fógraí poist le haghaidh folúntais ag BFS agus ár seirbhísí seachadta
  • Atvuíteanna agus postálacha a roinntear ó úsáideoirí eile a mbeidh spéis ag ár lucht leanúna iontu, dar linn, go háirithe iad sin ónár gcuid seirbhísí agus ó chomhlachtaí eile Rialtais.

Tá ár láithreáin meán sóisialta á mbainistiú ag foireann údaraithe de chuid an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh agus faigheann siad tacaíocht ó fhoireann sa tSeirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh.


Cé a leanaimid

Leanaimid cuntais agus leathanaigh ábhartha, go háirithe iad sin de chuid comhlachtaí eile Rialtais. Má leanann tusa muid, ní gá dúinne tusa a leanúint ar ais. I gcás atvuíteanna, ‘is maith liom’, roinnt postálacha, agus leanúint ar na meáin, ní thugann siad sin formhuiniú d’aon chineál le fios ón mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh.


Tráchtanna, Tvuíteanna agus freagraí

Ná cuir faisnéis phearsanta nó phríobháideach san áireamh i do chuid tráchtanna, tvuíteanna nó freagraí chugainn. Táthar á mholadh sin chun cosaint a thabhairt do do shonraí pearsanta agus do d’fhaisnéis phríobháideach.

Cuirimid fáilte roimh aiseolas ónár lucht leanúna agus déanfaimid iarracht a bheith páirteach sa chomhrá nuair is féidir. Táimid sásta freagra a thabhairt, i gcás inarb ábhartha, ar fhiosruithe ón bpobal, ach is oth linn nach mbímid in ann freagra a thabhairt ar gach trácht agus fiosrú a fhaighimid.


Ómós d’úsáideoirí eile

Cuirimid fáilte roimh d’ionchur agus do chuid smaointe, ach coimeádaimid an ceart tráchtanna nó ábhar a bhaint ina bhfuil:

  • Teanga leatromach, gháirsiúil, ionsaitheach, mhaslach, mhaistíneachta, chlúmhillteach nó dhíobhálach faoi dhaoine nó faoi eagraíochtaí
  • Aon rud a dhírítear go diúltach ar dhaoine nó ar ghrúpaí bunaithe ar chine, eitneachas, reiligiún, inscne nó aon stádas eile a bhfuil cosaint aige faoi reachtaíocht chomhionannais na hÉireann
  • Tráchtaireacht nó díospóireacht pholaitiúil
  • Faisnéis atá míchruinn, calaoiseach, cluanach nó míthreorach
  • Faisnéis phríobháideach nó ar féidir í a aithint go pearsanta, cosúil le hainmneacha, seoltaí ríomhphoist, seoltaí, uimhreacha teileafóin, agus uimhreacha PSP
  • Aon rud a chuireann isteach ar chearta maoine intleachtúla duine eile nó ar chóipcheart
  • Faisnéis nó naisc eile nach bhfuil bainteach
  • Margaíocht tráchtála nó turscar

Is é ár n-aidhm an t-inneachar atá ár gcuntais meán sóisialta a mhodhnú ar bhealach caoithiúil, ach ar ndóigh b’fhéidir nach mbeifí in ann é sin a dhéanamh i gcónaí. Féadfaidh tú dul i dteagmháil linn chun tuairisc a thabhairt faoi inneachar a bhriseann na rialacha sin, dar leat. Féadfaidh tú tuairisc a thabhairt go díreach do X (Twitter roimhe seo), Meta, agus LinkedIn


Fáil

Facebook, Twitter and LinkedIn may occasionally be unavailable and we are not responsible for any lack of service.

Privacy

D’fhéadfadh sé uaireanta nach mbeadh fáil ar Facebook, Twitter ná ar LinkedIn agus nílimid freagrach as aon bhriseadh seirbhíse.


Príobháideachas

Óstálann Meta, X (Twitter roimhe seo) agus LinkedIn ár gcuntais ar na meáin shóisialta. Gheobhaidh tú a gcuid beartas príobháideachais ag na naisc seo:

Tá ardán monatóireachta meáin shóisialta againn ar a dtugtar Agorapulse chun ár n-ardáin meán sóisialta a bhainistiú. Gheobhaidh tú beartas príobháideachais Agorapulse ag https://www.agorapulse.com/privacy-policy/.

faisnéis ag an gCoimisinéir um Chosaint Sonraí faoi do phríobháideachas a chosaint nuair a úsáideann tú suíomhanna meán sóisialta (pdf)


Teagmháil a dhéanamh linn

An bealach is fearr le teagmháil a dhéanamh linn is ea tríd an leathanach Téigh i dteagmháil linn ar ár suíomh gréasáin. Má tá ceisteanna agat faoi sheirbhísí sóisialta nó poiblí, féadfaidh tú dul i dteagmháil freisin leis an tSeirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh ar 0818 07 4000 ó 9am go dtí 8pm, Luan go hAoine.

Tabhair faoi deara nuair a dhéanann tú teagmháil linn ar na meáin shóisialta nach ionann é sin agus teagmháil a dhéanamh leis an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh chun críocha oifigiúla agus níl aon oibleagáid orainn monatóireacht a dhéanamh ar iarrataí ar fhaisnéis ar na meáin shóisialta ná iad a fhreagairt. Díreach mar gheall nach mbímid i dteagmháil le duine, ní chiallaíonn sé sin go bhfuilimid ag diúltú tuairim a thabhairt faoi cheist ar leith.