Cuardaigh an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh

Is cáiliúla

An tSeirbhís Abhcóideachta Náisiúnta do Dhaoine faoi Mhíchumas

Cuireann an National Advocacy Service (NAS) for People with Disabilities ionadaíoch neamhspleách rúnda agus saor in aisce abhcóideachta ar fáil a thugann tús áite don duine a úsáideann an tseirbhís agus a chloíonn leis na caighdeáin ghairmiúla is airde.

Oibríonn an SAN lena chinntiú go dtugtar an aird cheart ar thoil daoine atá faoi mhíchumas agus ar an rogha a dhéanann siad agus go gcosnaítear a gcearta nuair a dhéantar cinntí saoil.

Oibríonn an SAN de réir an phrionsabail a leanas maidir le daoine atá faoi mhíchumas:

  • déanann daoine atá faoi mhíchumas cinntí faoina saol
  • éisteann agus téann a dteaghlaigh agus iad siúd a sholáthraíonn a seirbhísí i gcomhairle leo
  • faigheann siad rochtain ar na tacaíochtaí a theastaíonn uathu lena chur ar a gcumas a saol a mhaireachtáil agus sult a bhaint as rannpháirtíocht bhríoch sa teaghlach, in obair agus i bhfóillíocht
  • baineann siad taitneamh as na tairbhí a bhaineann le rannpháirtíocht ina bpobail áitiúla agus i gcur lena bpobail áitiúla

Tá ag an SAN sainchúram ar leith le haghaidh daoine faoi mhíchumas atá scoite óna bpobal agus ó sheirbhísí, a bhfuil difríochtaí cumarsáide acu, nach bhfuil an chóiríocht cheart acu, a chónaíonn i seirbhísí cónaithe, a fhreastalaíonn ar sheirbhísí lae agus a bhfuil tacaíochtaí teoranta neamhfhoirmiúla nó nádúrtha acu.

Soláthraítear an tSeirbhís Abhcóideachta Náisiúnta trí cheithre réigiún agus trí Oifig Náisiúnta atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath.

Conas teagmháil a dhéanamh leis an tSeirbhís Abhcóideachta Náisiúnta do Dhaoine faoi Mhíchumas

Líne Chabhrach Náisiúnta: 0818 07 3000

Ríomhphost: info@advocacy.ie

Tabhair cuairt ar advocacy.ie chun tuilleadh eolais a fháil faoin obair a dhéanann an tSeirbhís Abhcóideachta Náisiúnta do Dhaoine atá faoi Mhíchumas, lena n‑áirítear treoir éasca le léamh ar na seirbhísí.



Is iad na ceithre réigiún seo:

Réigiún Lena n‑áirítear
Mórcheantar Bhaile Átha Cliath Baile Átha Cliath, Fine Gall agus Cill Mhantáin
Réigiún an Oirthuaiscirt agus Lár Tíre An Cabhán, Laois, an Longfort, Lú, Cill Dara, an Mhí, Muineachán, Uíbh Fhailí, an Iarmhí
Réigiún an Iarthair An Clár, Dún na nGall, Gaillimh, Liatroim, Luimneach, Maigh Eo, Ros Comáin agus Sligeach
Réigiún an Deiscirt Ceatharlach, Corcaigh, Ciarraí, Cill Chainnigh, Tiobraid Árann, Port Láirge, Loch Garman


Déanann an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh tacaíocht agus cistiú a sholáthar don tSeirbhís Abhcóideachta Náisiúnta do Dhaoine atá faoi Mhíchumas.