Cuardaigh an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh

Is cáiliúla

Clár Ateangairí Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (RISLI)

Bunaíodh Register of Irish Sign Language Interpreters Ireland CLG i mí na Nollag 2020 chun Clár Ateangairí Theanga Chomharthaíochta na hÉireann a chothabháil. Tagraítear don chóras clárúcháin san 2017 Irish Sign Language Act (ar a dtugtar ‘scéim chreidiúnaithe’ ann’).


Oibríonn an chuideachta seo faoin ainm gnó RISLI. Bíonn Bord Stiúrthóirí agus Painéal Clárúcháin freagrach as cinntí a dhéanamh i ndáil leis an gClár.r.


Ráiteas Misin

Bunaíodh Register of Irish Sign Language Interpreters Ireland CLG chun Clár Ateangairí Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (RISLI) a chothabháil, clár gairmiúil náisiúnta deonach.

Tagraítear don chóras clárúcháin san 2017 Irish Sign Language Act (ar a dtugtar ‘scéim chreidiúnaithe’ ann).

Aithníonn RISLI an ról lárnach a bhí ag an Sign Language Interpreting Service (SLIS) i dtaighde agus i bhforbairt an Chláir Ateangairí Theanga Chomharthaíochta.

Oibríonn RISLI anois mar eagraíocht neamhspleách agus tá sé maoinithe agus tacaithe ag an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh.


Cuspóirí Straitéiseacha

  • Córas clárúcháin bunaithe ar chaighdeáin a bhunú agus a chothabháil do Ateangairí Theanga Chomharthaíochta na hÉireann chun cosaint a chinntiú don phobal Bodhar agus do sholáthraithe seirbhísí.
  • Na caighdeáin a leagan síos do sholáthar ateangaireachta Theanga Chomharthaíochta na hÉireann a éilíonn gach comhlacht poiblí.
  • Tacaíocht a thabhairt do chónaitheoirí agus do chomhlachtaí poiblí trí rochtain ar chlár poiblí ateangairí.
  • Tacaíocht a thabhairt d’ateangairí gairmiúla Theanga Chomharthaíochta na hÉireann chun caighdeáin a bhaint amach agus a chothabháil.
  • Cuimsiú sóisialta úsáideoirí Theanga Chomharthaíochta na hÉireann a chur chun cinn trí úsáid ateangairí cláraithe, lena n‑áirítear rochtain ar chomhlachtaí poiblí.


Sonraí Teagmhála do RISLI

None
Tel: +353 860840759
Ríomhphost: admin@risli.ie