-
- Faisnéis do Shaoránaigh
- Seirbhísí Réigiúnacha um Fhaisnéis do Shaoránaigh
- Seirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (MABS)
- An tSeirbhís Abhcóideachta Náisiúnta do Dhaoine faoi Mhíchumas
- Seirbhís Ateangaireachta na Teanga Comharthaíochta (SLIS)
- Seirbhísí inrochtaineachta
- Clár Ateangairí Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (RISLI)
Is é tosaíocht straitéiseach de chuid an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh inrochtaineacht ar eolas, comhairle agus tacaíocht a bhreisiú le tagairt ar leith do ghrúpaí leochaileacha agus iad siúd is mó riachtanas. De ghnáth is iad grúpaí leochaileacha sa tsochaí is mó a mbíonn seirbhísí sóisialta agus sibhialta ag teastáil uathu ach d’fhéadfadh go mbeadh deacrachtaí móra acu rochtain a fháil orthu. Tá sé lárnach d’obair an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh bacainní ar rochtain a aithint agus tosaíochtaí a chur i bhfeidhm chun iad a shárú.
Tá sé mar aidhm againn faisnéis dírithe ar an gcustaiméar a chur ar fáil agus í a sheachadadh i mbealaí agus formáidí éagsúla inrochtana. Ciallaíonn sin go gcuirimid eolas ar fáil ar líne, trí theileafón, trí chló agus aghaidh ar aghaidh trínár líonra d’Ionaid Eolais do Shaoránaigh.
Le blianta beaga anuas tá baint againn le roinnt acmhainní breise a fhorbairt agus tá roinnt tiomantas déanta againn inrochtaineacht seirbhísí a chuirimid ar fáil a bhreisiú.
- Tá ár bhfoilsiúcháin i bhformáidí rochtana
- Cuirimid eolas ar fáil ar líne i dteangacha éagsúlae
- Seirbhís Live Advisor ar líne ó Sheirbhís Fóin an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh
- Beothéacs, SMS agus seirbhís físfóin
- Seirbhís ateangaireachta teanga chomharthaíochta