Cuardaigh an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh

Is cáiliúla

Seirbhísí Réigiúnacha um Fhaisnéis do Shaoránaigh

Seirbhísí Réigiúnacha um Fhaisnéis do Shaoránaigh Cuireann na Seirbhísí um Fhaisnéis do Shaoránaigh (SFSanna) seirbhísí aghaidh ar aghaidh ar fáil don phobal. Tacaíonn an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh leo agus maoiníonn sé iad. Tríd an bhfoireann oilte, cuireann Seirbhísí um Fhaisnéis do Shaoránaigh faisnéis, comhairle agus seirbhísí abhcóideachta ar fáil don phobal atá saor in aisce, neamhchlaonta agus rúnda. Cumhdaíonn gach Seirbhís um Fhaisnéis do Shaoránaigh limistéar tíreolaíoch laistigh dá réigiún. Cumhdaíonn na cuideachtaí SFS réigiúnacha (8 gcinn ar an iomlán) na limistéir seo a leanas: Baile Átha Cliath Thuaidh, Baile Átha Cliath Theas, Connachta Thuaidh & Ulaidh, Laighin Thuaidh, An Mhumhain Thuaidh, An Mhumhain Theas, Laighin Theas agus An Mhumhain Theas lena n-éascaítear limistéir faoin tuath agus sa chathair araon, agus seirbhís á seachadadh trí ghréasán na Lárionad um Fhaisnéis do Shaoránaigh (IFSanna).


Is iad seo a leanas na cuideachtaí SFS réigiúnacha