Caighdeáin agus Forbairt
Tá an fhoireann um Chaighdeáin agus Forbairt freagrach as forbairt agus cur i bhfeidhm leanúnach beart feabhsúcháin ar fud na gcuideachtaí soláthair seirbhíse. Forbraíonn an fhoireann Príomhtháscairí Feidhmíochta le haghaidh seirbhísí agus cuireann siad cleachtas chun cinn atá cothrom le dáta, bunaithe ar fhianaise, éifeachtach agus comhsheasmhach.
Caighdeáin agus Forbairt Abhcóideachta
Forbraíonn an fhoireann um Chaighdeáin agus Forbairt Abhcóideachta caighdeáin agus beartais chun cur chuige comhsheasmhach a chinntiú i ndáil le hAbhcóideacht ar fud seirbhísí atá á maoiniú ag an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh. Oibríonn an fhoireann chun acmhainn na seirbhísí a mhéadú ar mhaithe le seirbhísí abhcóideachta d’ardchaighdeán a sheachadadh don phobal.
Déanann an fhoireann cothabháil, meastóireacht agus forbairt ar chórais bainistíochta cásanna leictreonacha le haghaidh seirbhísí SFS agus SAN a thacaíonn le bainistiú éifeachtúil cásanna, tuairisciú seirbhíse agus tuairisciú ar thorthaí cliaint agus cásanna.
Ríomhfhoghlaim
Tá an fhoireann ríomhfhoghlama freagrach as soláthar oiliúna ar líne BFS agus Cuideachtaí Soláthair Seirbhíse a fhorbairt agus a sheachadadh.
Oibríonn an fhoireann le príomhpháirtithe leasmhara chun riachtanais oiliúna a shainaithint, a fhorbraítear ansin mar chúrsaí ar líne ina bhfuil ceachtanna idirghníomhacha, físeáin, cás-staidéir, agus measúnuithe. Tá cúrsaí ríomhfhoghlama BFS ar fáil trí chóras bainistíochta foghlama tiomnaithegement system