Comhlíonadh agus Tuairisciú Airgeadais
Tá an fhoireann um Chomhlíonadh agus Tuairisciú Airgeadais freagrach as maoirsiú agus athbhreithniú a dhéanamh ar gach maoiniú a chuirtear ar fáil do chuideachtaí soláthair seirbhíse. Bainistíonn an fhoireann próifíliú buiséid agus riaradh deontais, déanann siad athbhreithniú ar thuairisciú airgeadais seirbhísí agus déanann siad monatóireacht ar mar a chomhlíonann na seirbhísí ceanglais Rialuithe Airgeadais an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh.
Comhlíonadh agus Tuairisciú Oibríochta
Déanann an fhoireann um Chomhlíonadh agus Tuairisciú Oibríochta athbhreithniú ar phleananna gníomhaíochta bliantúla na seirbhísí agus déantar méadrachtaí seachadta seirbhíse comhaontaithe a thuairisciú agus a fhaire. Déanann an fhoireann bainistiú freisin ar an sainchúram maidir le tacaíocht a thabhairt do chuideachtaí soláthair seirbhíse maidir le háitreabh agus léasanna agus dualgais an Oifigigh Sláinte agus Sábháilteachta.
Abhaile
Tá an fhoireann Abhaile freagrach as feachtas cumarsáide agus margaíochta a rith, arb é is aidhm dó go príomha rannpháirtíocht agus réitigh a bhaint amach dóibh siúd a bhfuil na riaráistí is faide acu agus nach bhfuil i dteagmháil lena n-iasachtóir. Oibríonn an fhoireann chun a chinntiú go gcuirtear an tseirbhís chun cinn agus chun na socruithe rialachais, riaracháin agus airgeadais a bhainistiú, ar socruithe iad a bhfuil gá leo chun maoirsiú cuí a dhéanamh ar Abhaile, ar fud ghréasán cuideachtaí SBCA.