TFC
Déanann an fhoireann Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) bainistiú ar riachtanais oibríochta BFS ó lá go lá agus ar ghréasán seirbhísí seachadta BFS. Bainistíonn an fhoireann TFC an bonneagar iomlán TFC thar ceann an Bhoird agus na 22 seirbhís a mhaoiníonn sé. Tá an fhoireann freagrach freisin as soláthar crua-earraí, forbairt bogearraí, acmhainní agus feidhmchláir fhreastalaí an lárionaid sonraí, athshlánú ó thubaiste, cúltacaí agus deasc chabhrach thiomnaithe.
Ábhar Digiteach
Tá an fhoireann Ábhair Dhigitigh freagrach as an suíomh gréasáin um Fhaisnéis do Shaoránaigh; www.citizensinformation.ie chomh maith le foilseacháin agus tréimhseacháin faisnéise an Bhoird. Tá sé de chúram ar an bhfoireann freisin breathnú i ndiaidh chuntais meán sóisialta chorparáideacha an Bhoird ar Twitter agus ar Facebook agus suíomh gréasáin corparáideach an Bhoird, www.citizensinformationboard.ie
Sonraí agus Taighde
Tá an fhoireann Sonraí agus Taighde freagrach as taighde agus anailís d’ardchaighdeán a fhorbairt agus a sheoladh. Déanann an fhoireann anailís ar shonraí cainníochtúla agus cáilíochtúla ó sheirbhísí chun treochtaí a shainaithint agus chun nuashonruithe staitistiúla, tuarascálacha téamúla fianaisebhunaithe agus aighneachtaí a fhorbairt, d’fhonn saincheisteanna beartais a chur i dtábhacht i gcomhréir lenár bhfreagracht reachtúil. Tá an fhoireann freagrach as an Mol Sonraí a chur i bhfeidhm agus as dul chun cinn leanúnach an Mhoil Sonraí ar an suíomh gréasáin corparáideach. Is é ár n-aidhm na léargais sin a chur ar fáil chomh forleathan agus is féidir do pháirtithe leasmhara agus don phobal. Anuas air sin is féidir an fhaisnéis sin a úsáid chun feabhas a chur ar an gcaighdeán seirbhíse d’úsáideoirí trí thuiscint ghrinn a fhorbairt ar na riachtanais atá acu agus seirbhísí poiblí a fheabhsú do shaoránaigh trínár ról aiseolais beartais shóisialta