Seirbhísí Corparáideacha
Tá an fhoireann Seirbhísí Corparáideacha freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar réimsí rialachais cosúil leis an straitéis chorparáideach, cosaint sonraí, Saoráil Faisnéise, an tOmbudsman agus Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol. Comhordaíonn an fhoireann an soláthar faisnéise don Roinn Coimirce Sóisialaí de réir mar is gá. Déanann an fhoireann bainistiú agus comhordú ar an Tuarascáil Bhliantúil a tháirgtear agus ar fhoilseacháin chorparáideacha eile. Tá an fhoireann freagrach as feidhm chumarsáide inmheánaí BFS. Cuireann Feidhmeannach Cumarsáide agus Gnóthaí Poiblí feasacht chun cinn maidir leis an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh agus príomhbhrandaí seirbhíse na Faisnéise do Shaoránaigh agus SBCA.
Acmhainní Daonna
Tugann an fhoireann Acmhainní Daonna tacaíocht d’fhoireann BFS agus tá sí freagrach as earcaíocht agus as oiliúint foirne.
An Coiste
Tá an fhoireann Airgeadais freagrach as gnóthaí agus nósanna imeachta airgeadais, bainistíochta riosca agus soláthair, ina measc párolla, buiséid, iniúchtaí agus meastacháin don Bhord um Fhaisnéis do Shaoránaigh. Cinntíonn an Bord go leantar rialuithe airgeadais cearta agus nósanna imeachta tuairiscithe lena gcinntítear go bhfaigheann an cáiníocóir luach ar airgead.