21 Meán Fómhair 2023
Bhí áthas ar An mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh (CIB) fáilte a chur roimh an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn agus Sabina Ní Uiginn chuig puball Putting You First de chuid CIB ag an gCraobh Náisiúnta Treabhdóireachta. Labhair speisialtóirí ó sheirbhísí túslíne atá maoinithe ag CIB faoina gcuid oibre tábhachtaí maidir le comhairle, faisnéis agus abhcóideacht a chur ar fáil do dhaoine ar fud na tíre.
Mhol an tUachtarán Ó hUiginn foireann na Seirbhísí um Fhaisnéis do Shaoránaigh agus na Seirbhíse Teileafóin um Fhaisnéis do Shaoránaigh as an gcabhair agus an tacaíocht a chuireann siad ar fáil do phobail ar fud na hÉireann.
Labhair foireann CIB leis an Uachtarán faoin tionscadal píolótach Ciansheirbhís Faisnéise do Shaoránaigh i Leabharlanna. Tá an tionscadal píolótach seo maoinithe ag an gCiste Nuálaíochta don Earnáil Phoiblí, agus tá sé mar aidhm aige rochtain níos fearr ar Sheirbhísí Faisnéise do Shaoránaigh a thabhairt do cheantair thuaithe trína leabharlanna áitiúla. Tá leabharlanna in Oileán Acla, an Cheathrú Rua agus Cill Mhantáin i measc na gcéad láithreacha ina mbeidh an tseirbhís nuálach seo ar fáil. Léirigh an tUachtarán spéis ar leith nuair a chuala sé go mbeidh an tseirbhís ar fáil i nGaeilge chomh maith.
Bhí deis ag speisialtóirí ón tSeirbhís Chomhairle Airgid agus Buiséadaithe (MABS) na fadhbanna atá ag cliaint a bhíonn ag teagmháil leis an tseirbhís a roinnt leis an Uachtarán Ó hUiginn. Phléigh siad freisin an réimse leathan seirbhísí a chuireann MABS ar fáil ina n‑ionaid ar fud na tíre, lena n‑áirítear bainistíocht airgid agus buiséadú teaghlaigh.
Labhair foireann Abhaile leis an Uachtarán Ó hUiginn faoin tábhacht a bhaineann leis an scéim do dhaoine atá ag streachailt le riaráistí morgáiste.
Buíochas le gach duine a thug cuairt ar Putting You First. Táimid le fáil i Sráidbhaile Rialtas na hÉireann, Bloc 2, Ráithe 21, Cuid 335, i rith na Craoibhe Náisiúnta Treabhdóireachta.
Más í Teanga Chomharthaíochta na hÉireann (TCÉ) an phríomhtheanga atá agat, tá ár gcomhairleoir ar fáil chun ceisteanna a aistriú agus a éascú leis na seirbhísí go léir.
The Putting You First Marquee hosts information officers and representatives from:
- Citizens Information Centres (CIC) provide advice on a range of social rights and entitlements from health, money and tax, social welfare, housing, training and education
- Money Advice and Budgeting Services (MABS) support people with money advice, budgeting and problem debt
- Abhaile can offer practical advice if you are struggling with your mortgage repayments
- CIB - including citizensinformation.ie
- National Traveller MABS work to reduce poverty, discrimination and the financial exclusion of Travellers in Ireland.
- Insolvency Service of Ireland is an independent government organisation set up to help sort out personal debt problems and help get people back on track
- Financial Services and Pensions Ombudsman is an independent, impartial, fair and free service that helps resolve complaints from consumers, including small businesses and other organisations, against financial service providers and pension providers